an abhainn banner

The Menstrual Cramps, GHUM agus Big Joanie

Strange Brew, Bristol, 2023-01-06

Oíche iontach le slua réchúiseach, banna puinc feimineach Dubh naomhtha Big Joanie mar phríomhaoi le tacaíocht ó hiar-phunc-racairí draíochtúil GHUM agus The Menstrual Cramps, ar éirigh lena n-amhrán dhá nóiméad, fuck the Tories, a bhí den tseandéanamh ach fós suas chun dáta, tormánach tapa, punc mar amharclannaíocht an ghnímh, ar éirigh leis a bheith fíorspleodrach, dáiríre, corraitheach, spreagúil.

I Lay Here For You de chuid Tracey Emin

Jupiter Artland, Edinburgh

I lay here for you de chuid Tracey Emin ollmhór ach droim in airde, ina fíor mhéadúil mhothrach, trí huaire níos airde ná tú féin ach go dtagann tú uirthi ina luí go leochaileach i measc na gcrann. Is fíor phríobháideach í i dtaispeántas poiblí, ceiliúradh ar fheoil atá faoi cheangal aoise déanta as cré-umha buan. Tá sé cumhachtach, corraitheach, álainn.

Hidden Door Festival

Old Royal High, Edinburgh, 2022-06-10

Ba í an chéad réalta ag an Hidden Door Festival an láthair féin, fothrach scoile a raibh póirseáid uirthi nárbh ábhar náire ag parlaimint í; ba é Vincent Inch, péintéir, an dara ceann, agus a chuid pictiúr agus a chuid nótaí athaimsithe ag cur saol dearmadta in iúl, saol ar son na healaíne agus an ghrá, grá dá chairde, grá don chathair.

An Cailín Ciúin

Institiúid Scannán na hÉireann, Baile Átha Cliath, 2022-05-22

Tá Éire na 80idí go foirfe beacht ag An Cailín Ciúin, is cuimhin liom an cairpéad céanna a bheith againn féin sa tseomra tosaigh, an Jacob’s Kimberley chomh cumhachtach le húll Éabha, na guthanna raidió agus ansin, agus tú ag dul béal faoi i ndomhan caillte na hóige, téann an scannán mín álainn seo isteach faoi do chroí agus leánn sé é.

Bad Waitress agus Gustaf

The Crofters Rights, Bristol, 2022-05-15

Tá banna cúigir ealaín-phuinc Gustaf greannmhar glic agus suimiúil ó thaobh an cheoil de. Chuirfidís tocht ort fosta; ní hé amháin go bhfuil a gcuid amhrán fileata ábhailleach, ach déanann siad iniúchadh ar an mhuintearas, ar na caidrimh a fhorbraíonn muid le chéile, agus ar a dhéanann muid chun an t-uaigneas a sheachaint. Le cois banna tacaíochta den scoth, Bad Waitress, oíche faoi leith.

Yard Act

Trinity Centre, Bristol, 2022-05-11

Bhí nóiméad le linn seit Yard Act nuair a shíl mé go raibh féileacán ar foluain os cionn an lucht féachana ach ar athsmaoineamh creidim gur phíosa de sheantéip cháidheach ghlóthaí nó b'fhéidir gealra ó ghunna gealra a bhí ann agus é croite de na fraitheacha ag an dordlíne agus ag an fhearg. B'in Yard Act.

Junior Brother

The Louisiana, Bristol, 2022-04-14

Bhí imní orm go mbeadh Junior Brother mar chineál drochleagan de na Sawdoctors, lena gcuid amhránaíochta scolairde agus a n-eachtraí barrúla faoi shaol na hÉ ;ireann. Déanta na fírinne, b'fhearr i bhfad ná sin iad, iad spéisiúil ó thaobh an cheoil de, fuaim chasta cheol tíre-iar-phuinc acu, le liricí fíorchliste maraon le féith Sawdoctorúil grinn agus áiféise.

Outer Town Festival

New Markets Bristol 2022-04-10

Thiontaigh Féile Outer Town na Margaí Nua ina n-ionad súgartha, ina monarcha, ina monarcha súgartha don cheol mar ba chóir é a chloisteáil: daoine plódaithe isteach i seomraí dorcha, fuaimeanna úra á seinm ag daoine a iompraíonn a gcuid uirlisí féin. Na grúpaí ba mhó a sheas amach domsa, agus chonaic mé 12, ná The New America, Deadletter agus Grove.

Thomas McCarthy

Outlandish Nights, Boiling Wells Ampitheatre, Bristol 2022-04-06

Ba mhór an onóir é éisteacht le Thomas McCarthy i láthair dhraíochtúil Boiling Well; fear na míle amhrán agus stíl ornáideach amhránaíochta dá chuid féin atá álainn, stairiúil, úr; a leithéid d’amhráin chomh maith, traidisiúin mhóra na ndaoine iontu, mar atá, coinní gairide oíche, an grá iarbháis agus an gháirsiúlacht.

Goldfrapp

Bath Forum 2022-04-05

Bhí am ann nuair a bhí fuaim Goldfrapp spreagúil úrnua agus íorónta go leor, ba iad na codanna ba leadránaí den cheolchoirm na huaireanta sin a rinne siad iarracht an seanscleondar sin a mheabhrú dúinn. Uaireanta eile thug siad leid i dtreo todhchaí níos suimiúla ina gcuimseofar a bhfuaim mhacnasach agus a bpersona cabaret.

The Homecoming

Theatre Royal Bath 2022-03-30

The Homecoming beagnach 60 bliain d’aois ach níl aon neart caillte aige le himeacht ama, is iniúchadh scáfar stílithe ar an fhoréigean, ar an uaigneas, ar an ghnéasachas agus ar an ghnéas é fós. Tá gáire an lucht féachana, agus go leor de ann, ar nós carachtar eile, atá folamh brúidiúil ar uairibh. Bhí Keith Allen thar barr agus é ina phatrarc madrúil maothintinneach.

Gurriers agus Enola Gay

Rough Trade 2022-03-28

Gurriers fós sa tóir ar a bhfuaim féin ach nuair a aimseoidh siad í ní bheidh a sárú ann, tá fuaim iontach leo. Chuir Enola Gay amhrán amháin i láthair le "This one is about the DUP" ach níor inis sé dúinn riamh an raibh sé ar a son nó ina gcoinne, is é atá i gceist agam, tá muid ar fad ina gcoinne, ach a thiarcais, bheadh amhrán ar son an DUP ina ghiota den fhíorphunc.

Nova Twins

Thekla Bristol 2022-03-18

Agus iad callánach cumhachtach, seinneann Nova Twins torainn-rac gasta ach tá dordlíne níos fearr agus éadaí i bhfad níos fearr acu ná mar atá ag aon bhanna torainn-rac Meiriceánach. Bhí caidreamh ar dóigh acu aréir le slua díocasach a raibh na focail agus na drops ar fad ar eolas acu, gig ar leith a bhí ann.

Blood Brothers

Theatre Royal Bath 2022-03-09

Is diamhair agus is doiligh é go bhféadfadh dráma ar nós Blood Brothers, atá chomh gafa sin le cúrsaí aicme agus lena gceangal le cúrsaí deise agus atá chomh feargach sin ar son daoine faoi mhíbhuntáiste, go bhféadfadh sé athrá neamhchúiseach a dhéanamh in amhrán, gan aon chúis fhollasach leis ach b'fhéidir mar thuar oilc, ar an blood libel in éadan an lucht Rromani.

Saloon Dion agus Sprints

Strange Brew Bristol 2022-03-01

Chaith mé an Mháirt go fánach, ar seachrán de dheasca duairceas na nuachta agus dá bhró sin ba sciorta sóláis dom é an tráthnóna sin dul amach agus seasamh le daoine nach bhfuil aithne agam orthu chun taitneamh a bhaint as dhá bhanna iontacha ar thug a bhfearg agus a n-áthas dóchas dúinn go léir don am atá le teacht.

Snapped Ankles

Moles Bath 2022-02-26

Faoin ainm Werkshop, bhí Snapped Ankles ina mbanna tacaíochta acu féin: is trua gan an sliotán tacaíochta sin a thabhairt do bhanna áitiúil nó do bhanna níos óige, go háirithe agus iad chomh leamh agus a bhí mar Werkshop. Nuair a tháinig siad i láthair mar iad féin, bhí siad níos fearr, funcaíáilte agus fuinniúil, b'iad a bhí breá ábalta buille a aimsiú agus cloí leis.

PVA agus Dry Cleaning

Marble Factory Bristol 2022-02-23

Bíonn banna teicneo le drumadóir go maith i gcónaí agus bhí drumadóir PVA ar dóigh, é ag saothrú chomh tréan sin is gur leag sé an ciombal troithe´in faoi dhó. Ní fhéadfaí ach taitneamh a bhaint as Dry Cleaning, dream cotúil shoegazers leis an aon liric is fearr san Iar-Phunc ar fad, le fuaim ghiotár íocónach agus iad ar a mbealach go sáréachtaí an staidiam.

Yukon Ho!

Ustinov Theatre Bath 2022-02-19

Faraor, níor chreid Jennifer Irons go mbeadh spéis againn sa Yukon agus níor inis sí mórán dúinn faoi. Rinne sí magadh, mar shampla, nach raibh i dteanga na háite ach béarlagair Cheanada, bhí spraoi ann, ach d'fhéadfadh sí cur síos a dhéanamh dúinn ansin ar fhíortheanga na háite, Hän, rud nach ndearna. Ba chóir go mbeadh muinín aici asainn, ba bhreá linn sin.

Gimic agus Pure Adult

Crofters Rights Bristol 2022-02-12

Bhí an oiread sin fuinnimh, an oiread sin teacht i láthair sa ghrúpa clasaiceach nua-mhiotail Gimic, a rinne an oiread sin gleo, b'iontach liom an bhfágfadh sé Crofters ina smidiríní, críoch oiriúnach. Ábhar iontais a bhí i Pure Adult; ríméad as cuimse é a bheith ag breathnú orthu agus bhainfeadh an díséad torainn-rac an anáil díot, dhá ghuth a bhí chomh héagsúil, chomh cumhachtach sin.

Fake Turins agus Opus Kink

Crofters Rights Bristol 2022-01-31

In ainneoin a leath acu a bheith covideáilte, chuir Fake Turins seit scaoilte spreagúil sodhamhsaithe iar-phuinc ar fáil. Níor lú fuinneamh Opus Kink; baicle tarraingteach ag seinm punc carasmatach groove-billy, fuaim phreabach faoi anáil an snagcheoil, é clasaiceach agus turgnamhach araon agus solúbtha go leor chun sár-raon gutha a bpríomhamhránaí a chur os comhair an phobail.

Rachael Dadd agus DakhaBrakha

Lanes Bristol 2022-01-23

Thosaigh Rachael Dadd le hamhráin ón fhíorshaol agus le glór glan álainn. Is ceoltóirí fíordhomhanda iad DakhaBrakha; is leo féin gach amhrán acu, agus gach amhrán acu fíorÚcránach ach iad ag fáil inspioráid ó 100,000 áit ó trip-hop go Shakespeare. Bhí cúlra an fhíseáin go hiontach ar fad, cartúin áille sícideileacha béaloidis ag insint scéilíní agus iad ag gabháil don bhuille. An Úcráin shaor abú!

S.M.A.C.K., Damefrisør agus KEG

Moles Bath 2022-01-15

Thug na hiar-phunc-racairí áitiúla S.M.A.C.K. chapcore fuinniúil dúinn, go hanásta anordúil: lán feirge is spraoi. Mhaolaigh Damefrisør giúmar an tí le filíocht fhairsing iar-roic sular thug na príomhoirfidigh, KEG, seachtar idir banna seó agus punc ó Brighton, níos mó den anord spreagtha leo, den racán fiú; seal ag seinm punc-ealaín oilte, agus seal eile, ba chosúil, ag seinm roinnt amhrán éagsúil ag an am chéanna.

Grianstad an Gheimhridh

Stonehenge 2021-12-22

Ní féidir glacadh go dáiríre le draoithe na haoise nua, lena gcuid cantaireachta faoi ghrá a thabhairt dá chéile, tá a fhios againn ón Táin go raibh ár sinsir tugtha go leor do bheith ag marú a chéile i lár sruthán; ach nuair a d’éirigh an ghrian ar Mhá Salisbury i nglóir dhearg agus bhuí, ba dheacair gan grá éigin a mhothú. grianghraif.

Nuha Ruby Ra agus LIFE

Exchange Bristol 2021-12-06

Is éard a chuir Nuha Ruby Ra i gcuimhne dom cóisir fhiáin go mall san oíche, an taobh tuathail den mheisce, nuair a thosaíonn duine ag canadh agus ag damhsa leis féin agus go mbíonn sé diamhair draíochtúil. Is fíorphuncanna iad LIFE, níl a fhios agam an gráin nó grá a bhí acu inár leith, ach b'aoibhinn leo a bheith ina LIFE agus bhí sin tógálach.

Footfalls agus Rockaby

Ustinov Theatre Bath 2021-11-29

An bhfuil ár seantaithí air ag milleadh Beckett? Tá an t-iomlán i Rockaby agus i Footfalls, an fhoilmhe, scéalta leath-inste na hóige, na línte foirfe a thugtar ar nós méadranóim, an guth acadúil ag géilleadh don ghuth ghrámhar, an t-éadóchas, ach is deacair an t-éadóchas sin a mhothú agus an seantaithí sin chomh compordach is atá.

The Midnight Bell

Theatre Royal Bath 2021-11-25

Chuirfeadh Twenty Thousand Streets under the Sky le Patrick Hamilton tocht ar do chroí; tá idir dhínit agus áilleacht i saol agus i ngrá deacair uaigneach lucht Soho agus déanann sé cur síos chomh báúil sin orthu. Ní chailltear aon chuid den bhrón ná den áilleacht seo i The Midnight Bell; insíonn an damhsa na scéalta seo mar aon lena mbrón, lena ndráma agus lena ngrámhaireacht ar fad.

Blóm agus PigsX7

Marble Factory Bristol 2021-11-24

Blóm luisiúil agus óg agus díochra agus dochreidte oilte ar a gceird, le mustar sean-fhaiseanta, liricí ón fhíorshaol agus an dúrud dúthrachta. Cosúil leo agus an-difriúil bhí Pigs Pigs Pigs Pigs Pigs Pigs Pigs lán scléipe, ó Matthew agus é ag pocléimneach faoin strób go dtí a mhaíomh go raibh sé cosúil le Freddie Mercury de chuid Poundland, jóc ollmhór callánach a bhí ann, ach ceann maith.