Stonehenge 2021-12-22
Ní féidir glacadh go dáiríre le draoithe na haoise nua, lena gcuid cantaireachta faoi ghrá a thabhairt dá chéile, tá a fhios againn ón Táin go raibh ár sinsir tugtha go leor do bheith ag marú a chéile i lár sruthán; ach nuair a d’éirigh an ghrian ar Mhá Salisbury i nglóir dhearg agus bhuí, ba dheacair gan grá éigin a mhothú.